Uirlis chomparáideach

Cineál torthaí:

Meastacháin: Comhbhailiú arna dhéanamh ag Verian de na meastacháin náisiúnta atá ar fáil nó de shonraí vótaíochta ag eascairt as na toghcháin agus arna fhoilsiú i mBallstát ar leith tar éis dheireadh na vótála, bunaithe ar institiúidí vótaíochta náisiúnta atá idir iomráiteach agus iontaofa.

Réamh-mheastachán: Is é atá sa réamh-mheastachán de Pharlaimint na hEorpa meastachán ar an gcomhdhéanamh ag eascairt as na toghcháin, arb é Verian a dhéanann an réamh-mheastachán mar chomhbhailiú de na torthaí toghcháin, de mheastacháin nó de shonraí vótála atá ar fáil agus a fhoilsítear sna Ballstáit tar éis dheireadh na vótála. Gan dochar do chomhdhéanamh na Parlaiminte nuathofa, tá an réamh-mheastachán bunaithe ar struchtúr na Parlaiminte atá ag dul as oifig.

Sealadach: Comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa bunaithe ar na torthaí náisiúnta sealadacha nó críochnaitheacha atá ar fáil agus a fhoilsítear iad tar éis dheireadh na vótála sna Ballstáit go léir, bunaithe ar struchtúr na Parlaiminte atá ag dul as oifig.

Torthaí sealadacha: Na chéad torthaí arna gcur ar fáil ag údarás toghcháin oifigiúil an Bhallstáit bunaithe ar chomhaireamh de chéatadán de na vótaí.

Torthaí críochnaitheacha: Torthaí mar a fhógraíonn údarás toghcháin oifigiúil an Bhallstáit iad tar éis na vótaí go léir a chomhaireamh.

Torthaí oifigiúla: Torthaí críochnúla arna bhfógairt ag údarás toghcháin oifigiúil an Bhallstáit agus arna bhfíordheimhniú ag an údarás reachtach náisiúnta.

Seisiún reachtach: Torthaí mar a fhógraíonn Parlaimint nuathofa na hEorpa iad tar éis critéir incháilitheachta a Feisirí a fhíorú.

Parlaimint atá ag dul as oifig: Cumraíocht Pharlaimint na hEorpa mar a bhí sa seisiún parlaiminteach deiridh den reachtas reatha.

De réir rialacha nós imeachta na Parlaiminte, 23 Fheisire ar a laghad atá tofa i seacht mBallstát ar a laghad a bheidh i ngrúpa polaitiúil.